← Bhí teach beag aige féin agus ag a bhean ag bárr an chnuic. 🔊
← Ní raibh de shlí beatha aige ach ag díol poitín. 🔊
← Bhí capall breá glas aige agus bhíodh sí aige ag díol an phoitín. 🔊
← Thug na gárdaí deich bpunt dó uirthi ag ceapadh go mbeadh siad saibhir go brách, ach pingin nó leith-phingin ní bhfuair siad. 🔊
← Nuair a tháinig siad chuige le príosúnach a dhéanamh dhe, bhí giorria aige, agus dúirt sé go mba é an teachtaire a b'fhearr a bhí aige riamh, go mbíodh sé ag iompar airgid go dtí an siopa dhó. 🔊
← Thosaigh sé ag feadail ansin agus d'éirigh an bhean suas. 🔊
← Bhuail siad isteach ag Brian agus bhuail siad síos i mála é agus thugadar suas go Gaillimh é lena bhá sa bhfarraige. 🔊
← Bhí fear ag dul chuig an margadh agus chonaic sé Brian sa mála. 🔊
← D'fhiafhraigh sé dó cé raibh sé ag dul. 🔊
← Dúirt Brian go raibh sé ag dul go na Flaithis. 🔊